Má tá pinghin rua fághta agat tar éis na bhféilte - agus is doigh go bhfuil an babhta so ós rud é gurb ionann an tíogar Ceilteach agus Daidí na Nollag - níl rud is fearr go bhféadfá a dhéanamh ná dlúth-cheirnín nua Tony MacMahon a cheannach. ‘‘MacMahon from Clare’’ is ainm dó (MACCD 001), agus tugtar ‘‘Retrospective’’ air freisin.
Mar is eol duit, a léitheoir dhilis - mar atá tugtha le fios agam duit níos mó ná uair amháin i rith na mblianta, tá meas mór agam ar an gceoltóir, Cláirinach seo. Ní déarfainn go séanfadh éinne ar bith gurb é duine desna boscadóirí, ach ní leasc leis an Mathúnach na foinn sin a sheimint, a mhúnlú, a chumadh, ar bhealach, as an nua.
Signs on it tá cú fhonn mhalla le cloisint ar an gceirní seo: An Buachaillín Bán, Port na bPúcaí, Caoineach Eoghain Rua, Amhrán na Leabhar, agus fonn mall ón mBriotáin: Maro e Mar Maistress (?Marbh Atá Mo Ghrá Geal). Níl an Wounded Hussar ann, cé gurbh é sin an piosa fá ndear do Shean Ó Riada a rá leis an Math´nach, nuair a chéad-chuala sé an fonn sin á sheimint aige: ‘‘Níl ceoltóir amháin thú, ach cumadóir ceoil.’’
Bhí an ceann sin beagnach mar phort aitheantais ag an gceoltóir seo, ach le blianta anuas, d'fhéadfaí a rá go bhfuil Port na bPucaí san áit sin. Caithfidh mé a rá, áfach, nach binne liom an tráth seo aon cheann desna foinn mhalla seo uaidh ná Caoineadh Eoghain Rua. Fear fé leith i stair na tíre seo an Niallach rua sin.
Dá bhrá sin d'aontaigh mo chroí le croí an cheoltóra nuair a léigh mé an nóta a scríobh sé faoin bhfonn uasal seo: "Thanking Brendan Mulkere of Clare for playing this soulful air on the fiddle for me of a dull night in London many years ago, banishing depression. I hear it again when I think of our great Ulster chieftain, the victor of Benburb, who died in November 1649 - only months before the arrival of Cromwell."
Tá roinnt mhaith le tuiscint ó na linte gearra sin, ach níl aon rud is deise iontu ná an dá fhocal seo: ‘‘banishing depression.’’ Gan amhras, ba dheacair iad a léamh gan chuimhneamh ar an gceol-ainm cáiliúil úd: Banish Misfortune. Ach ní chuige sin atáim: cuimhnigh gur fonn mall atá ann, gur chaoineadh atá i gceist - ach chuir sé an ruaig ar an ngruaim an oíche úd i Londain Shasana fadó - agus cuireann fós. Fiú más fonn mall dobrónach é, cuirtear ruaig ar an ngruaim le h-áilleacht, le firinne, le mothúchán doimhin.
Ó pheann an Mhathúnaigh féin a thagann gach nóta sa leabhráinín, agus léimeann siad amach ort leis an splanc is an spleodar cénna, is atá le cloisint sna rileanna 's na seiteanna is meidhrí sa ndlúth-cheirnín maorga seo. Agus an tuiscint chénna: ‘‘I can see him as I play this air (An Buachaillín Bán), Séamus Ennis sitting on the side of his bed in Bleeker Street, New York in the July heat of 1964. ‘Stop there,’ he’d say as he guided me in the playing of slow airs. ‘Put the shiver into it now.’ ...‘think of the poem as you play.’ He made me learn the words before playing a note...’’ Tá ceacht an mháistir Ennis foghlamtha go smior ag an gCláirineach seo darb ainm Tony MacMahon.
Pearse Hutchinson
home
bio
discography
album
inspirations
tributes
links
copyright & privacy
sitemap